Search

06 Sept 2025

Ceiliúradh ar chion mná na mBan sa Ghaeilge agus Chultúr Gaelach

Paisean: 'Ón ról atá acu i miotais agus i gcultúr na hÉireann go dtí guthanna binn laistigh den séan nós’ – Ciara Ní Ghadhra

Ciara Ní Ghadhra  - This year's An Teanga adjudicator at Derry Feis.

Ciara Ní Ghadhra - This year's An Teanga adjudicator at Derry Feis.

Tá muid ag súil le Lá Idirnáisiúnta na mBan anseo i Nuacht Doire, mar sin bhí sé de onóir agam labhairt le Ciara Ní Ghadhra, duine spreagúil a bhí an-tógtha le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge comh maith leis an chultúir.

Agus í ina moltóir ar chomórtais 'An Teanga' don Fheis Dhoire Cholmcille i mbliana, tugann Ciara meon ar leith ar a cuid staidéir sa mhicribhitheolaíocht agus ar a cuid oibre i naíscoil i mBéal Feirste.

Maidir le Ciara, ní modh cumarsáide amháin í an Ghaeilge; is nasc domhain é leis an traidisiún agus an stair.

Tá stair na teanga chomh tábhachtach leis an beatha den teanga di.

'Léiríonn sé scéalta, eagna agus spiorad na nGael, macalla ar mheon ár sinsear,' a dúirt sí. 'Feiceann muid stair na hÉireann, a creideamh, a laochra, sna focail a úsáideann muid, mar a deireann seanfhocal an Phiarsaigh: 'Tír gan teanga, tír gan anam'.

Is ea an ról ríthábhachtach atá ag mná i gcaomhnú agus i gcuir ar aghaidh an traidisiúin trí theanga agus cultúr mar croí d'aisling Ciara.

Cuireann sí béim ar an léargas uathúil ag mná ar chumas teaghlaigh agus pobail a thógáil leis an teanga.

'Tá sé de chumas ag mná daoine eile, go háirithe cailíní óga, a spreagadh chun glacadh lena n-oidhreacht agus lena dteanga,' arsa Ciara.

De réir Ciara, agus measúnú á dhéanamh aici ar rannpháirtithe 'An Teanga,' tá sí ag lorg paisean agus grá don teanga lasmuigh de dhomhan an tseomra ranga,. Is mór an luach a cuireann sí ar barántúlacht agus spreagann sí na hóige chun an teanga a ardú trí bhealaí éagsúla agus a nasc leis an teanga a chur in iúl.

'Ba mhaith liom a phearsantacht a fheiceáil ag lonrú tríd an teanga agus a fheiceáil go mothaíonn siad gurb í an teanga a theanga' a dúirt sí, 'Chun iad a fheiceáil bródúil as í a úsáid trína gcuid buanna, bíodh é ina chaint phoiblí, ina dhrámaíocht, ina scéalaíocht srl. is é sin gliondar mo chroí!’

Le linn ár plé ar cén dóigh is féidir le pobail tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do mhná agus chailíní páirt a ghlacadh in imeachtaí cultúrtha, mhol Ciara na mná, inár n-eipicí agus ár scéalta sinsearacha a ardú chun cinn.

Cosúil le Gráinne Mhaol, Gráinne agus Diarmaid, Clann Lír. 'Ón ról atá acu i miotais agus i gcultúr na hÉireann go dtí guthanna binn laistigh den séan nós, léiríonn sé go bhfuil mná sásta a n-áit a chosaint i stair na hÉireann, léiríonn sé do chailíní eile gur féidir leo, chomh maith leis sin, go bhfuil spás ann dóibh,' a dúirt sí go paiseanta liom.

Ag breathnú i dtreo na todhchaí, tá Ciara ag súil le sochaí ina n-aithníonn mná an ról ríthábhachtach atá acu i gcothú na chéad ghlúine eile trí mheán na Gaeilge agus an chultúir Ghaelach.

Spreagann sí mná chun glacadh lena gcumhacht laistigh den phobail agus deiseanna a chruthú le haghaidh comhrá agus rannpháirtíochta, ag cinntiú leanúnachas an traidisiúin do na glúnta atá le teacht.

Maidir le héachtaí na mban, déanann Ciara machnamh orthu siúd a bhfuil tionchar ar ár saol go laethúil.

Roinneann sí an meas atá aici ar dhaoine cosúil le comhghleacaí sa naíscoil, a spreagann a dúthracht do na páistí go mór í. 'Tá a dúthracht leis na páistí den céad scoth. Spreagann sí go leor mé, fiú laistigh de theorainneacha pobail bhig, i seomra naíscoil amháin, tá an tionchar ar an gcéad ghlúin eile ag fás leis an teanga ar fad mar gheall ar bhean amháin.' óna croí amach a dúirt Ciara é.

Gráinne Mhaol the 16th Century Pirate Queen.

Ar an Lá Idirnáisiúnta na mBan (ar an 8 Márta) agus Lá na Máithreacha (ar an 10ú, ná déan dearmad air lads!) seo, meabhraíonn focail Ciara Ní Ghadhra an méid luachmhar a dhéanann mná don Ghaeilge, don chultúr agus don tsochaí Ghaelach. Macalla a nguthanna trí na glúnta, ag fíodóireacht taipéis shaibhir oidhreachta agus féiniúlachta do chách le meas agus le caomhnú.

'Tá a páirt féin le himirt ag gach bean,' a dhearbhaíonn Ciara. 'Níl aon chuid rómhór nó róbheag, níl aon bhean róshean ná ró-óg le rud éigin a dhéanamh.'

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Míċeál-Piaras seol ríomhphost chuig: moceallaigh01@stmarys-belfast.ac.uk.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.