Míċeál-Piaras Ó Ceallaiġ with the stalwart Derry headstone historian Seamus Breslin.
I gciúnas na Reilig Chathair Dhoire, spreagann cogarnaí na staire cuairteoirí chun turas a dhéanamh trí am agus trí chuimhne.
Ag cabhrú leo tuiscint a déanamh ar an ciail agus an scéal atá taobh thiar de go leor de na huaigheanna anseo na treoraithe, Séamus Ó Breisleáin agus Mícheál Mag Ruaidhrí a bhfuil go leor taithí acu.
Chuidigh an bheirt, atá mar baill de ‘Chairde de chuid relig na cathrach’ le go leor aíonna a iompar go croílár scéal na hÉireann le roinnt blianta anuas.
In ainneoin an shollúntacht na reilige, tá saol lán le fuinneamh faoi bhun an dromchla.
The famous picture that captures Pearse's graveside oration, John Fox present.
'Ní féidir leat taisteal níos mó ná 30 troigh gan teacht ar cló Ghaelach ná ar scéalta faoi Ghaeilgeoirí,' arsa Séamus, i bhfaiteadh na súl le bród in oidhreacht a cathair.
'Tá sé uileláithreach,' a dúirt sé, agus é ag comharthú i dtreo na snoíodóireacht chloiche mhionsonraithe agus na chrosa Ceilteacha a mhaisigh huaigheanna na bProtastúnach agus na gCaitliceach sa tslí chéanna. Le gach céim, nochtann an reilig a rúin, ag nochtadh gréasán casta le traidisiúin Ghaelacha, díocas poblachtánach agus le mianach ciúin mhuintir Dhoire.
De réir mar a théann an turas ar aghaidh, fíonn Séamus agus Mícheál scéal a sháraíonn idé-eolaíocht. Tagann nóiméid baois chun cinn, breac le dea-chaint Shéamus agus tuairimí grinn Mícheál, iad I gconaí eolach go bhfuil siad in áit naofa, duairc áfach.
Is tearmann do cuimhneacháin é an reilig, is léir é sin óna scéalta fite fuaite faoi na hÉireann agus an teanga ann. Ó uaigheanna Protastúnacha a bhfuil cló Ghaelach orthu go dtí reilige sollúnta mairtírigh phoblachtacha na hÉireann, nochtann gach coirnéal sraitheanna staire atá ag fanacht le nochtadh.
Tugann Séamus agus Mícheál cuairt ar scéalta laochra áitiúla agus náisiúnta araon, chomh maith le teann caidéise na teanga. Ó bhunús dothuigthe ainmneacha na mbailte go siombalachas laochra ársa Gaelacha ar nós Chú Chulainn, cuireann gach scéilín dath le gréasán stair Dhoire.
'Is galldaithe é Termonbacca ó Tearmann bPeacach,' ársa Micheál ag machnaigh ar agus muid ag dul thar an láthair suaimhneach. 'Aistríonn sé go 'Tearmann an Pheacaigh,' a dúirt sé agus é ag cuir leis a tuairim. Caitheann samplaí mar seo solais ar an meascán casta teanga agus béaloideas a shainíonn tírdhreach cultúrtha Dhoire.
'Tagann an t-iora rua atá i mbaol ar tearmann i measc na dealbha,' a dúirt Séamus, bhí iarracht den ómós ag baint leis don éiceachóras bog a mbíonn rath air in taobh istigh den reilig. 'Agus ní déanaimis dearmad ar na crainn iúir,' ar seisean, 'caomhnóirí na reilige'.
Mícheál Mag Ruaidhrí and Míċeál-Piaras looking at a grave of interest in Derry City Cemetery.
'Ní bhaineann sé leis an am atá caite amháin,' a dúirt sé, a glór mar mhacalla le diongbháilteacht chiúin. ‘Baineann sé lenár n-oidhreacht a coinneoidh do na glúin atá le teacht.’ Ina focail fhéin, cloiseann cuairteoirí glaoch chun gníomh, tugann sé an thábhacht bhuan na reilige i gcomhchuimhne na hÉireann chun cinn.
'Tá go leor grúpaí óga Protastúnacha / aontachtaí faoi dhraíocht na tréithe teanga agus Gaelacha sna rannóga Éadbhardacha agus Victeoiriacha,' a dúirt Séamus. 'Tagann said ar cló Ghaelach agus crosa Ceilteacha sna rannóga seo. Tá díchreideamh go háirithe ar na buachaillí óga, deireann siad liom, ach is sin na rudaí atá thart sciathán mar tatú ag na buachaillí i dTaobh an Bhogaigh, deirim leo gurb é sin an oidhreacht chultúrtha atá agaibhse fosta!'
Go tobann, tagann muid anall ar geadán mór féar agus stopann Séamus. Ní léir aon uaigh mharcáilte, ach is léir láithreach, óna caoineadh paiseanta go dtí na hanamacha atá curtha ann, go bhfuil sé ag tacú go diongbháilte le haitheantas a thabhairt d’uaigh bhochtáin (i measc is suntasaí in Éirinn) agus a thiomantas diongbháilte chun ómós a thabhairt do dhínit gach anama a leagtar chun sosa laistigh de na ballaí seo.
Agus breis is 8,000 duine fite fuaite sna plotaí gan mharcáil seo, creideann Séamus go paiseanta gur cheart leacht cuimhneacháin ceart a chur i bhfeidhm chun a saol a chomóradh agus aitheantas a thabhairt dá n-áit scíthe deiridh.
Agus muid ag siúl ar aghaidh arís eile, stadann Séamus, a shúil tarraingthe ar cloch chinn shíonchaite a bhfuil ainm ‘Óglach na hÉireann, Eoghan Mac a'tSionnaigh’ air. 'Cuireann a lán daoine ceist orm,' ársa Séamus, 'cé a sílim atá an duine is náisiúnach poblachtach Éireannach is mor le rá sa reilig.' Rinne sé comhartha lena lámh i dtreo an uaigh Mac a’tSionnaigh: 'mheasfá go mbeadh an chuid is mó acu níos nua-aimseartha, ó na 1970idí go dtí 1994, ach thabharfainn anuas anseo iad go dtí uaigh Óglach na hÉireann Eoghan Mac a'tSionnaigh de Bráithreachas Phoblacht na hÉireann.
Ceann de na heachtraí is suntasaí i stair na hÉireann ab ea 1915; tá pleanáil Éirí Amach na Cásca faoi bhealach agus tagann na daoine ar fud na hÉireann le chéile i mBaile Átha Cliath do tórramh Ó Donnabháin Rosa, agus Pádraig Mac Piarais ag bronnadh a óráid cháiliúil cois uaighe, leis an feisteas míleata agus an buíon lámhaigh, cé atá sa phictiúr taobh leis a ghualainn chlé ach Eoghan Mac a'tSionnaigh é féin, duine den chaoga sealbhóir ticéad a roghnaíodh.'
Agus an turas ag teacht chun deiridh, bhí mé sáite i ndomhan iontach staire den teanga agus oidhreachta, fite fuaite le chéile de réir treoir léirsteanach Shéamus agus Mhíchíl.
Tá an paisean a bhí acu chun scéalta an ama atá caite a chaomhnú, mar aon leis an eolas domhain a bhí acu ar oidhreacht shaibhir chultúrtha Dhoire, den céad scoth! D'fhág mé an reilig le tuiscint as cuimse ar theacht aniar spiorad an duine agus ar chumhacht bhuan an chuimhneacháin. Gan moilleadóireacht, iarraim go mór oraibh an turas léargasach seo. Do aon duine atá ag iarraidh doimhneacht stair Dhoire a fhiosrú agus ómós a thabhairt do chuimhne ár shinsir a tháinig romhainn.
Chun teagmháil a dhéanamh le Séamus agus Mícheál cuir scairt ar 079 3577 9498 / 078 7435 1224 nó seol ríomhphost chuig: jpbreslin@outlook.com.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Míċeál-Piaras seol ríomhphost chuig: moceallaigh01@stmarys-belfast.ac.uk.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.