I nGaeilgeFuair daltaí ó Ghaelscoil na Daróige i nDoire oiliúint ar an athchúrsáil trí Ghaeilge ag ceardlann speisialta a eagraíodh ag an Oifigeach Athchúrsála, Julie Hannaway, agus ag Oifigeach Gaeilge na Comhairle, Pól Ó Frighil. D’fhoghlaim páistí ó Rang 1 suas go dtí Rang 7 faoin dóigh le bheith ag athchúrsáil mar is ceart ag ceardlann speisialta a eagraíodh le ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain Athchúrsála. Chuir an tionscnamh seo le clár na scoile chun feasacht na bpáistí ar an Athchúrsáil a mhúscailt, agus chun spreagadh a thabhairt dóibh rudaí praiticiúla a dhéanamh ar nós dramhaíl bia a athchúrsáil agus araidí measctha athchúrsála a chur ar fáil laistigh de na seomraí ranga. Dúirt Julie Hannaway, Oifigeach Athchúrsála na Comhairle gur mór an t-ardú croí a fuair sí nuair a chonacthas di an meon dearfach a bhí ag na páistí i leith cúrsaí athchúrsála. “B’iontach an rud é an Clár Oideachais ar an Athchúrsáil a chur ar fáil ag Gaelscoil na Daróige le cuidiú ó mo chomhghleacaí le Gaeilge, Pól”. “Thaispeáin na daltaí agus foireann na scoile suim mhór agus díograis iontach le linn ár bhfeachtais chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain Athchúrsála a d’úsáid an mana “Déanann muid. Mar gur fiú é” i mbliana. “Tá clár oideachais ar an athchúrsáil á chur ar fáil ag an Chomhairle leis na blianta, ach tá sí i gcónaí ag aimsiú bealaí nua le bheith ag plé le scoileanna agus le daltaí scoile le cuidiú leo feasacht ar an athchúrsáil a ardú” “Ní mór dúinn ar fad an líon bruscair a tháirgeann muid a laghdú agus le cinntiú go n-athchúrsáiltear an bruscar seo mar is ceart” Má tá suim ag scoil ar bith páirt a ghlacadh i gcláir athchúrsála Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ní mór teagmháil a dhéanamh le Julie.Hannaway@derrystrabane.com. Tuilleadh eolais maidir le cúrsaí athchúrsála ar fáil ag: www.derrystrabane.com/recycling. Fotheideal: Oifigeach Athchúrsála Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin Julie Hannaway, agus Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil a d’eagraigh ceardlann ar an athchúrsáil ag Gaelscoil na Daróige.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.