Mary leading the March for Palestine through Derry in January.
Le déanaí anuas, in agallamh le Máire Ní Dhuarcáin, gníomhaí le Feachtas Dlúthpháirtíochta na Palaistíne (IPSC) i nDoire, tháinig pictiúr fíochmhar den dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín chun cinn.
Léirigh Mary, atá baint mhór aici leis an ngluaiseacht, béim ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag IPSC Dhoire agus an an gnáthphobal ar son chearta na Phalaistíneach.
A New Year’s Eve vigil for Palestine on the Peace Bridge.
D'admhaigh Máire ag tús an agallamh go raibh mhéadú ar feasacht, a catalaigh de réir an cinedhíothú leanúnach sa Phalaistín.
Léirigh sí díograis maidir leis an méadú ar rannpháirtíocht daoine aonaire, idir óg agus aosta, i ngníomhaíochtaí ar nós an 'moonlit dip,' le déanaí, rud a léiríonn fuinneamh atá ag dul ó neart go neart sa phobal.
Lean Máire léi ag tharraingt aird ar an tionchar de na tionscnaimh a rinne IPSC Dhoire, go háirithe an achainí rathúil a chuir Caitrín Mac Giolla Chatáin tús leis, ag spreagadh ar pholaiteoirí na hÉireann baghcat a dhéanamh ar thurais chuig ceiliúradh Naomh Pádraig i Washington.
Rinne sí cur síos ar an bigil a bhí ar siúl ar Lá Domhanda na Pháistí, áit a raibh guthanna óga dátheangacha ag teacht le céile le glaonna ar cheartas in éineacht le ceol agus focail roinnte.
'Tá fuinneamh agus diongbháilteacht na ndaoine a bhfuil baint acu leis an ngluaiseacht inbhraite. Is spreagúil mór é an paisean sin a fheiceáil don cheartas,' a dúirt Máire.
Bhí croílár an chomhrá sa socrú comhchoiteann leanúint leis an streachailt ar son saoirse na Phalaistíneach.
Labhair Máire go paiseanta faoi iarrachtaí na cosmhuintire an ghluaiseacht Baghcat, Dífheistithe agus Smachtbhannaí (BDS) a chur i bhfeidhm, agus luaigh sí gur bua suntasach a bhí ann táirgí Puma a bhaint de shiopaí Ó Néill ar fud na hÉireann, a tháinig de réir gníomh IPSC Dhoire.
'Glacann muid dóchas ó na buanna beaga seo, agus tá a fhios againn go gcuireann gach gníomh le cúis cheartais níos mó na Palaistíne,' a dhearbhaigh Máire.
D'athdhearbhaigh Mary tiomantas diongbháilte na cathrach do dhlúthpháirtíocht na Palaistíne, le Doire ag ullmhú don chéad taibhiú Éireannach de 'Freedom to Run,' scannán ina ndéantar cur síos ar thuras reathaithe maratón na hAlban i Maratón Beithil.
The Séanfhocal that decorates a wall at the Aida Refugee Camp.
'Tá dlúthpháirtíocht Dhoire leis an bPalaistín go domhain, fadbhunaithe i stair na frithbheartaíochta in aghaidh na héagóra,' a dúirt sí go bródúil.
Labhair Máire faoi an béim ar an tábhacht a bhaineann le guthanna Palaistíneacha a mhéadú agus an saol mar atá i cinedheighilt a nochtadh ar dtús, ag tarraingt comhthreomhar idir teacht aniar stairiúil Dhoire agus an streachailt leanúnach ar son an cheartais.
'An t-am seo anuraidh nuair a bhí mé sa Phalaistín, chonaic mé teacht aniar daoine a bhí ina conaí faoi leatrom. Meabhrú atá ann ar an tábhacht a bhaineann le seasamh i ndlúthpháirtíocht,' a dúirt Máire. 'Scríofa ar bhalla campa dídeanaithe na Beithil darbh ainm Aida, comh maith le spórtlann darb ainm Aclaí, na an séanfhocal 'Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine,' Lean Máire uirthi ag tabhairt faoi deara gurb é an seanfhocal ab fearr léi. Ceann a labhraíonn leis an pobal ar an uile shlí.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Míċeál-Piaras seol ríomhphost chuig: moceallaigh01@stmarys-belfast.ac.uk.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.