
1.
Conor Is breá liom an spórt atá againn anseo idir foirne na scoile agus na ranganna corpoideachais. Is breá liom bheith ag labhairt i nGaeilge fosta. I love the sports that we have here between the school team and the P.E classes. I also love to speak in Irish. Is teanga s’againne í an Ghaeilge agus ba mhaith liom níos mó daoine a spreagadh le bheith ag foghlaim agus a labhairt na Gaeilge. Irish is our native language and I would like to inspire more people to learn and speak Irish. Ba mhaith liom bheith i mo Abhcóide mar tá suim agam sa dlí. Deir mo mhúinteoir liom go bhfuil cead ag daoine an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna anois agus beidh daoine cosúil liom atá ábalta Gaeilge a labhairt de dhíth! I would like to be a barrister because I have an interest in the law. My teacher tells me that people are allowed to speak Irish in the courts now and people like me who speak Irish will be needed!

2.
Erin Tá na múinteoirí anseo go hiontach agus is breá liom an spórt. Taitníonn ailgéabar go mór liom agus is maith liom na ranganna Eacnamaíocht Bhaile fosta. The teachers here are great and I love sport. I enjoy algebra and I also enjoy the Home Economics classes. Tá an Ghaeilge speisialta mar go bhfuil mé ag labhairt teanga mo thír féin agus tá sé iontach luachmhar sin a bheith agat. Irish is special because I am speaking my country’s language and that is a very valuable skill to have. Taitníonn an spórt liom agus tá an-dúil agam sa Pheil Ghaelach. Ba mhaith liom bheith i mo chóitseálaí nuair atá mé mór agus thiocfadh liom bheith ag cóitseáil i nGaeilge agus i mBéarla. I enjoy sport and I love Gaelic football. I would like to be a coach when I am older and I would be able to coach in both Irish and English.

3.
Cara Tá dúil mhór agam sna hábhair nua atá mé ag foghlaim agus is breá liom bheith ag imirt spóirt le daoine ó gach chuid de Co Dhoire…agus Tír Eoghain! I really enjoy the new subjects that I am learning about and I love playing sports with people from all over county Derry... and Tyrone! Is teanga na hÉireann í an Ghaeilge ach ní bhíonn an seans ag gach duine í a fhoghlaim agus a labhairt – tá an t-ádh linne. Irish is the native language of Ireland but not everyone has the opportunity to learn and speak the language – we are very lucky. Ba mhaith liom bheith i mo mhúinteoir nó i mo phoitigéir. Má bhíonn siopa poitigéara agam bheinn ábalta labhairt i nGaeilge le custaiméirí le Gaeilge agus fógraí dá theangach a bheith agam. I would like to be a teacher or a pharmacist. If I had a pharmacy, I would be able to speak in Irish with my customers and have bilingual signs.

4.
Leah Is breá liom go bhfuil cairde nua agam ó áiteanna difriúla cosúil leis an Srath Báin. Is breá liom mo rang atá iontach múinte agus a oibríonn go maith le chéile- tá na múinteoirí go maith fosta. I love that I have new friends from all different places like Strabane. I love my class who are well behaved and work well together- the teachers are good too. Tá an Ghaeilge go maith mar is féidir linn dul go dtí áiteanna cosúil leis An Carn agus bíonn gach duine ag labhairt i nGaeilge. Thig linn páirt a ghlacadh in imeachtaí le chéile agus Gaeilge a úsáid. Irish is good because we can go to places like An Carn and speak in Irish. We can take part in events together through Irish. Tá an-suim agam sa cheol agus ba mhaith liom bheith i mo cheoltóir agus mé níos sine. Tá an cláirseach agus an fhidil agam agus tá an-suim agam sa cheol traidisiúnta Gaelach. I am interested in music and would like to be a musician when I am older. I play the harp and the fiddle and I am very interested in Irish traditional music.

