
1.
Eadaoin Tá na múinteoirí iontach deas agus cuidiúil. Is fearr liom mata mar tá sé suimiúil. Tá cuid mhór cairde agus ábhair nua agam anois. (The teachers are really nice and helpful. I prefer maths because it is interesting. I now have a lot of new friends and subjects.) Tá sé iontach speisialta mar ní thig le cuid mhór daoine Gaeilge a labhairt. Tá mo theaghlach uilig ábálta Gaeilge a labhairt fosta. (It's really special because a lot of people can't speak Irish. All my family are able to speak Irish too.) Ba mhaith liom a bheith i mo múinteoir Gaeilge sa bhunscoil mar sin caithfidh mé gaeilge a dhéanamh ar scoil. Is fearr liom Gaeilge agus ba bhreá liom rang a seacht a theagasc. (I want to be an Irish teacher in primary school so I have to learn Irish at school. I prefer Irish and I would love to teach primary seven.)

2.
Caolan Is maith liom na hábhair a dhéanann muid agus Is fearr liom ealaín. Is maith liom an bia ar scoil. Bíonn cuid mhór rudaí difriúla ar fáil cosúil le madra te nó sceallóga. Is fearr liom ealaín. (I like the subjects we do and I prefer Art. I like the food at school. There are many different things available such as a hot dog or chips. I prefer Art.) Ní labhrann cuid mhór daoine i nGaeilge agus sílim gur rud iontach é a bheith ar dhuine de na daoine atá ábalta í a labhairt. (A lot of people don't speak Irish and I think it's a great thing to be one of the people who can speak it.) Níl a fhios agam go fóill. Déanfaidh mé rud éigin bainte le healaín, b’fhéidir. Tá an t-ádh orm mar tá an seans agam mo GCSE Irish a dhéanamh go luath mar tá gaeilge agam. (I don't know yet. I will do something related to Art, maybe. I am lucky because I have the chance to do my GCSE Irish soon because I speak Irish.)

3.
Sophia Is fearr liom Coláiste Bhríde mar tá roinn na Gaeilge ann. Tá na múinteoirí agus na cúntóirí iontach deas. Tá na hábhair suimiúil fosta. Is breá liom ealaín, corpoideachas, ceol agus drama. Tá cuid mhór cairde agus thig liom Gaeilge a labhairt leis na múinteoirí. (I prefer Coláiste Bhríde because it has an Irish language department. The teachers and assistants are really nice. The subjects are also interesting. I love Art, PE, Music and Drama. I have a lot of friends and I can speak Irish with the teachers.) Tá cuid mhór rudaí speisialta bainte leis an Ghaeilge. Tá sé cosúil le do theanga féin agus ní thuigeann duine ar bith eile ach amháin do chairde nó na daoine le Gaeilge. Níl Gaeilge ag cuid mhór daoine agus mothaím iontach speisialta. (There are many special things associated with the Irish language. It's like your own language and no one else understands except your friends or the people who speak Irish. A lot of people don't speak Irish and I feel very special.) Tá mé ag iarraidh cúpla poist a dhéanamh. Tá mé ag iarraidh bheith i mo mhúinteoir nó i mo chomhairleoir agus thig liom gaeilge a theagasc fosta. Beidh mé ábalta labhairt le daoine i nGaeilge agus i mBéarla. (I'm trying to do a few jobs. I want to be a teacher or a counsellor and I can also teach Irish. I will be able to speak to people in Irish and English.)

4.
Meadhbh Is fearr liom an bia. Tá rogha iontach again sa bhialann. Is breá liom peil ghaelach fosta. Imrím ar fhoireann na scoile. Is breá liom na hábhair a dhéanann muid. (I prefer the food. We have a great selection in the restaurant. I also love Gaelic football. I play on the school team. I love the work we do.) Cúltúr s’againn atá ann. Thig linn teanga eile a labhairt agus ní thig le gach duine sin a dhéanamh. Is rud speisialta é sin. Tá seans again ‘GCSE Irish’ a dhéanamh go luath mar chuaigh muid chun na bunscoile. (It is our culture. We can speak another language and not everyone can do that. That is something special. We have a chance to do 'GCSE Irish' soon because we went to primary school.) Ba mhaith liom bheith i mo thuairisceoir nuachta agus beidh mé in ann mo phost a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla mar gheall ar an bhua atá agam. (I want to be a news reporter and I will be able to do my job through the medium of Irish and through the medium of English because of my talent.)

